速報APP / 音樂與音效 / An Seinnteoir Raidió

An Seinnteoir Raidió

價格:免費

更新日期:2017-08-14

檔案大小:11M

目前版本:3.10.306.15

版本需求:Android 4.1 以上版本

官方網站:https://radioplayer.ie/

Email:support@radioplayer.ie

聯絡地址:隱私權政策

An Seinnteoir Raidió(圖1)-速報App

Don chéad uair riamh, tá seirbhísí raidió Gaeilge uile na hÉireann á dtabhairt le chéile in aon láthair amháin ar an aip An Seinnteoir Raidió.

Forbartha ag RTÉ i gcomhar leis an IBI, is féidir teacht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió RíRá agus Raidió Fáilte in aon láthair amháin, chomh maith le podchraoltaí agus cláracha ar éilimh i nGaeilge.

Chomh maith leis na seirbhísí Gaeilge ar fad bheith tugtha le chéile in aon láthair amháin, le comhéadan i nGaeilge, is féidir teacht freisin ar stáisiúin uile eile na hÉireann, is cuma Gaeilge nó Béarla.

Oibríonn An Seinnteoir Raidió thar cionn le gléasanna Android agus tá Mód an Chairr agus Amadóir Codlata ann freisin. Go bunúsach, is í an aip raidió is fearr ar domhan í!

An Seinnteoir Raidió(圖2)-速報App

Scrolláil trí na stáisiúin raidió atá molta duitse, féach céard atá ar fáil go háitiúil nó céard atá ag treochtáil, agus sábháil go héasca na stáisiúin agus na cláracha is fearr leat.

Tá seirbhísí raidió Gaeilge uile na hÉireann le fáil ar do Android, is cuma más seirbhísí náisiúnta nó pobail atá i gceist, is cuma cén taobh den teorainn a bhfuil siad lonnaithe. Is é seo an chéad uair RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió RíRá agus Raidió Fáilte bheith tugtha le chéile in aon láthair amháin.

Is comhpháirtíocht idir RTÉ agus Independent Broadcasters of Ireland (IBI) é An Seinnteoir Raidió, agus é d’fheidhm ag an tseirbhís raidió i nGaeilge a chur ar fáil ar an mbealach is éasca d’éisteoirí. Tá RTÉ ag tacú go láidir leis an togra, mar chuid de Phlean Gnímh Meáin Ghaeilge RTÉ, agus ag tabhairt san áireamh go gcuireann an eagraíocht seirbhís RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil.

Tugann an IBI san áireamh UTV (a fheidhmíonn FM104, Q102, C103, Cork’s 96FM, Galway Bay FM, WLRFM, Live 95FM agus LMFM), agus Communicorp (a fheidhmíonn Newstalk, Today FM, TX FM, Spin 103.8 agus Spin Southwest).

An Seinnteoir Raidió(圖3)-速報App

I measc na stáisiún eile de chuid an IBI atá ar an Seinnteoir Raidió, tá Beat, Clare FM, Classic Hits 4fm, East Coast Radio, Highland Radio, iRadio, KCLR 96FM, Kfm, Midlands 103, Midwest Radio, Northern Sound, Ocean FM, Radio Kerry, Radio Nova, Red FM, Shannonside 104, South East Radio, Sunshine agus Tipp FM.

An Seinnteoir Raidió(圖4)-速報App